Polasaí Príobháideachais

Last updated 06/09/04

Forléargas

Chruthaigh IrishJobs.ie an Polasaí Príobháideachta seo chun ár dtiomantas daingean ar phríobháideacht a léiriú. Tugann gach a leanann imlíne ar an tiomantas seo d'úsáideoirí mar go bhfuileamar ag iarraidh cleachtadh úsáideora atá sábháilte agus slán a thabhairt do gach duine. Is mian le IrishJobs.ie a chinntiú, lenár sárdícheall, go bhfanfaidh aon fhaisnéis a thugann tú dúinne príobháideach agus nach mbainfear úsáid as ach amháin chun na críocha a bhfuil imlíne orthu sa Pholasaí seo..

Trí úsáid a bhaint as láithreán gréasáin IrishJobs.ie, tuigtear go gcomhaontaíonn tú le téarmaí an Pholasaí Príobháideachta seo.

Féadfaidh úsáideoir rochtain a fháil ar ár láithreán gréasáin, IrishJobs.ie (an 'láithreán') agus úsáid a bhaint as go leor dár seirbhísí gan aon fhaisnéis a sholáthar dúinn beag ná mór. Agus ní leanaimid cosán brabhsála úsáideora lasmuigh dár láithreán. Forbraímid tuarascálacha achoimre - ní tuarascálacha aonair - dár n-earcaitheoirí agus dár bhfógróirí.

Na Láithreáin atá Clúdaithe ag an bPolasaí Príobháideachta seo
Slándáil Láithreáin
Fianáin
Faisnéis a bhailimid
Seirbhísí IrishJobs.ie
Ráiteas Cóipchirt
Athruithe ar ár bPolasaí Príobháideachta
Eolas Teagmhála

Na Láithreáin atá Clúdaithe ag an bPolasaí Príobháideachta seo

Baineann an Polasaí Príobháideachta seo leis an láithreán gréasáin agus fearann atá faoi úinéireacht IrishJobs.ie.

Féadfaidh láithreán gréasáin IrishJobs.ie naisc a sholáthar chuig láithreáin gréasáin tríú páirtí mar choithiúlacht duitse. Má théann tú chuig na naisc sin, fágann tú láithreán gréasáin IrishJobs.ie. Ní rialaíonn IrishJobs.ie na láithreáin sin ná a gcleachtais phríobháideachta. Níl aon mhalartú faisnéise le tríú páirtithe neamhghaolmhara clúdaithe ag an bPolasaí Príobháideachta seo. Molaimid dár n-úsáideoirí féachaint ar Pholasaí/Ráiteas Príobháideachta aon tríú páirtí sula gcuireann siad faisnéis phearsanta isteach.

Cliceáil anseo chun dul go dtí barr an leathanaigh seo

Slándáil an Láithreáin

Tá IrishJobs.ie tiomanta an fhaisnéis a sholáthraíonn tú dúinne a chosaint. Chun rochtain nó nochtadh neamhúdaraithe ar fhaisnéis faoinár rialú a chosc, tá córais bhainistíochta slándála cuí curtha i bhfeidhm ag IrishJobs.ie chun an fhaisnéis a bhailímid a chosaint.

Baintear úsáid as Ballaí Dóiteáin, Aimsiú Ionraidh agus Scanóirí Víorais ar gach cuid de láithreán gréasáin IrishJobs.ie. Baintear úsáid as criptiú le linn tarchuir ar rannóga den láithreán ina bhfuil slándáil thar a bheith tábhachtach.

Cé go ndéanann IrishJobs.ie gach dícheall chun gach faisnéis phearsanta a chosaint, tuigimid faraor nach féidir ráthaíocht a thabhairt d'aon tharchur sonraí ar an Idirlíon a bheith 100% slán. Mar thoradh air sin ní féidir le IrishJobs.ie slándáil aon fhaisnéise a tharchuireann tú chugainn a chinntiú, ná ráthaíocht a thabhairt ina leith, déanann tú sin ar do phriacail féin.

Cliceáil anseo chun dul go dtí barr an leathanaigh seo

Fianáin

Is píosa beag faisnéise é fianán a sheolann freastalaí gréasáin bhuig brabhsálaí gréasáin, a chuireann ar chumas an fhreastalaí faisnéis a bhailiú ar ais ón mbrabhsálaí. Baineann láithreán IrishJobs.ie úsáid as fianáin chun úsáideoirí a aithint agus chun a gcuairt a phearsantú trí leathanaigh gréasáin a oiriúnú dóibh. Ar an gcúis sin, d'fhéadfadh sé nach dtaispeánfaí leathanaigh áirithe i gceart má bhíonn fianáin díchumasaithe ag do bhrabhsálaí. Trí shainroghanna do bhrabhsálaí a mhodhnú, tá an rogha agat glacadh leis na fianáin go léir, go dtabharfaí fógra duit nuair a shocraítear fianán nó diúltú do na fianáin go léir.

Cliceáil anseo chun dul go dtí barr an leathanaigh seo

Faisnéis a bhailímid

Faisnéis Neamhphearsanta (Comhbhailithe)

Bailíonn IrishJobs.ie faisnéis ar úsáideoirí uile ár láithreáin ar bhonn comhbhailithe. Baintear úsáid as an bhfaisnéis sin chun anailís a dhéanamh ar na leibhéil úsáide iomlána don láithreán, cé na réimsí den láithreán ar mó tóir atá orthu agus cé na hamanna den lá is mó a mbaintear úsáid as an láithreán. Baintear úsáid as an bhfaisnéis sin lena chinneadh cé na feabhsúcháin a fhéadfaimid a dhéanamh agus muid ag dul chun cinn. Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh muid an fhaisnéis sin a comhroinnt lenár gcliant nó le daoine a d'fhéadfadh a bheith mar chliaint againn agus lenár gcomhpháirtithe, ach ní dhéanfaí sin ach amháin ar bhonn comhbhailithe agus gan aon mhiondealú aonair, mar sin ní fhaigheann siad aon fhaisnéis faoin tslí a n-úsáideann tusa, mar dhuine aonair, an láithreán ná ní bheidh ar a gcumas tú a aithint go pearsanta ón bhfaisnéis a fhaigheann siad.

Faisnéis Phearsanta

Tá réimsí de láithreán gréasáin IrishJobs.ie inar féidir leat faisnéis a iarraidh, liostáil d'ábhair mhargaíochta, cur isteach ar chomórtais, tú féin a chlárú dár seirbhísí ar-líne, tacaíocht custaiméara a iarraidh nó cur isteach ar phost inár n-eagraíocht. D'fhéadfadh clárú ar fhaisnéis phearsanta ar nós; d'ainm, seoladh ríomhphoist, pasfhocal, mionsonraí teagmhála, cúlra oideachais agus fostaíochta agus faisnéis spéise poist, a bheith ag baint leis sin. Bailítear an fhaisnéis go huile agus go hiomlán chun do chleachtadh úsáideora a phearsanú agus chun an tseirbhís/na seirbhísí chuig ar shínigh tú a sheachadadh. Ón uair a roghnaíonn tú faisnéis phearsanta a thabhairt do IrishJobs.ie is féidir leat a bheith deimhin de nach mbainfear úsáid as ach amháin chun tacú le do chaidreamh linne.

Faisnéis Logáilte go hUathoibríoch

Baineann IrishJobs.ie úsáid as do sheoladh IP, gníomhairí úsáideora loga agus seoladh tarchurtha chun cabhrú linn fadhbanna lenár bhfreastalaí a dhiagnóiseadh, chun ár láithreán a riaradh agus chun úsáideoirí uathúla a shainaithint.

Ní dhéanfaimid monatóireacht, eagarthóireacht ná nochtadh ar aon fhaisnéis phearsanta fútsa ná faoi d'úsáid idirlín gan do chead a fháil roimh ré mura gcreidimid go bhfuil gá le gníomh den sórt sin chun an dlí a chur i bhfeidhm. Sa chás sin, d'fhéadfaí sonraí a thabhairt do dhaoine aonair, eagraíochtaí nó cuideachtaí iomchuí, má iarrtar go sainiúil iad.

Cliceáil anseo chun dul go dtí barr an leathanaigh seo

Seirbhísí IrishJobs.ie

Faisnéis Iarratais

Feidhmíonn IrishJobs.ie mar ardán do dhaoine a bhíonn ag lorg poist agus d'earcaitheoirí le teacht le chéile ar an idirlíon. Ar an tslí sin, níl aon bhaint againn le daoine atá ag lorg poist a mheaitseáil nó a shuíomh, ach is amhlaidh go soláthraímid na huirlisí duitse lena chur ar do chumas na cuideachtaí agus na gníomhaireachtaí earcaíochta a roghnú ar mhaith leat labhairt leo nuair is mian leat sin a dhéanamh.

Nuair a dhéanann tú iarratas ar-líne ar IrishJobs.ie faigheann an t-earcaitheoir d'fhaisnéis phearsanta/iarratas CV go díreach. Trí do chuid faisnéise a chur ar aghaidh chuig an earcaitheoir sin don fholúntas fógartha tuigeann IrishJobs.ie gurb é do chinneadh é an fhaisnéis sin a nochtadh do thríú páirtí agus admhaíonn nach bhfuil an tríú páirtí clúdaithe ag Polasaí Príobháideachta IrishJobs.ie.

Cliceáil anseo chun dul go dtí barr an leathanaigh seo

Próifílí Cliant

Tugtar an deis do chliaint fógraíochta folúntas IrishJobs.ie leathanach próifíle a bheith acu ar an láithreán. Áirítear air sin faisnéis a bhaineann lena gcuideachta ar nós; lógó na cuideachta, mionsonraí teagmhála, próifíl na cuideachta, seoladh gréasáin agus naisc ghaolmhara. Nochtaítear an fhaisnéis sin chun do chaoithiúlachta agus mar fhaisnéis duit, mar sin féin má théann tú chuig cuid de na naisc agus na seoltaí gréasáin atá tugtha ar na leathanaigh seo, fágfaidh tú láithreán gréasáin IrishJobs.ie.

Fógraítear roinnt cliant IrishJobs.ie ar an láithreán faoi ghnéleathanaigh comhalta fostóra; a chiallaíonn go mbíonn IrishJobs.ie mar óstach do roinnt leathanach gréasáin ar ár bhfreastalaí chun cleachtadh a thabhairt d'úsáideoirí atá cosúil le láithreán gréasáin na n-earcaitheoirí féin.

Mar shampla : Pinewood. Tá naisc ar na leathanaigh comhalta sin, agus nuair a théann tú chucu fágann tú fearann IrishJobs.ie.

Cliceáil anseo chun dul go dtí barr an leathanaigh seo



Mo Bhainisteoir Gairme

Is saoráid é Mo Bhainisteoir Gairme ar IrishJobs.ie do dhaoine atá ag lorg poist le go bhféadfaidh siad a riachtanas cuardaigh poist aonair (airdeal poist) a shocrú suas agus a CV a chlárú ar-líne;

Cliceáil anseo chun dul go dtí barr an leathanaigh seo

Margaíocht

Chun an sárchleachtadh úsáideora a sholáthar, d'fhéadfadh IrishJobs.ie iarraidh ort faisnéis a thabhairt dúinn maidir le do spéiseanna pearsanta agus gairmiúla agus do thaithí lenár dtáirgí nó seirbhísí. Tá an fhaisnéis bhreise sin a thabhairt roghnach.


Cliceáil anseo chun dul go dtí barr an leathanaigh seo

Ráiteas Cóipchirt

Tá Cóipcheart intuigthe beag beann ar shiombail cóipchirt nó ar ráiteas cóipchirt a bheith ar taispeáint. Is féidir an t-ábhar atá ar láithreán gréasáin IrishJobs.ie a íoslódáil d'úsáid phearsanta neamhthráchtála. I gcás gur inmhainta úsáid a bhaint as ábhair eile caithfidh an fhoinse sin a cheadú ar dtús agus caithfear aitheantas a thabhairt don fhoinse freisin.

Ní théann cead atáirgthe chóipcheart IrishJobs.ie chomh fada le haon ábhar ar an láithreán seo a d'fhéadfadh a bheith ina mhaoin tríú páirtí. Caithfear údarú ábhar den sórt sin a atáirgeadh a fháil ó na sealbhóirí cóipchirt lena mbaineann.

Cliceáil anseo chun dul go dtí barr an leathanaigh seo

Athruithe ar ár bPolasaí Príobháideachta

Tá an ceart ar cosaint ag IrishJobs.ie an Polasaí Príobháideachta seo a athrú nó a bhaint amach dá lánrogha féin agus cuirfidh sé aon Pholasaí Príobháideachta nua suas anseo. Dá bhrí sin, mholfadh muid duit féachaint ar an réimse seo go minic le fanacht ar an eolas.

Cliceáil anseo chun dul go dtí barr an leathanaigh seo

Eolas Teagmhála

Fáiltíonn IrishJobs.ie roimh aon tuairimí maidir leis an bPolasaí Príobháideachta seo. Má chreideann tú ar chúis ar bith nár chloí IrishJobs.ie leis an bPolasaí Príobháideachta seo, déan teagmháil linn le do thoil trí ríomhphost nó scríobh chugainn ag an seoladh atá tugtha thíos; agus déanfaimid gach iarracht réasúnach cinneadh a dhéanamh go pras agus an fhadhb a réiteach.

An Roinn Seirbhíse Custaiméirí

IrishJobs.ie

Ceannáras
3rd Floor; South block
The Malt House
Grand Canal Quay
Dublin 2
Ireland

Cliceáil anseo chun dul go dtí barr an leathanaigh seo

return to top

Sister Sites: Jobs in IrelandJobs in the UKJobs in the CaribbeanJobs in ChinaJobs in India

© 2008IrishJobs.ie      IrishJobs.ie is a registered trademark of saongroup.com

Maidir linne | Teagmháil | Mapa Láithreáin | Cabhair do Chuardach Poist | Téarmaí | Links | Polasaí Príobháideachais
Fotha Poist RSS | Cláraigh do CV | Foláireamh Poist | Poist in Éireann