Téarmaí Úsáide

Last updated 08/09/04

Glacadh le Téarmaí
Ainmneacha Íomhánna agus Lógónna
Príobháideachas
Seirbhísí
Úsaid Mhídhleathach agus Thoirmiscthe
Naisc chuig Láithreáin Gréasáin Eile
Eisiamh Dliteanais
Fógraíocht Folúntais & Cliaint Rochtana Bunachair Sonraí
Cáilíocht an ábhair a chinntiú

Glacadh le Téarmaí

Tá rochtain ar an láithreán gréasáin seo agus úsaid an láithreáin gréasáin seo á sholáthar ag IrishJobs.ie agus tá sé faoi réir ag na Téarmaí Úsáide seo a leanas.

Ciallaíonn úsáid an láithreáin seo go nglacann tú leis na téarmaí sin a bhfuil feidhm leo an dáta a gcéad úsáideann tú an láithreán. Tá an ceart ar chosaint ag IrishJobs.ie na Téarmaí Úsáide a thabhairt cothrom le dáta ag aon tráth gan fógra a thabhairt duit. Tá d'fhreagracht ar na húsáideoirí féachaint ar fhaisnéis a chuirtear suas go rialta ar-líne chun fógra tráthúil a fháil d'athruithe den sórt sin. Má leanann tú de bheith ag úsáid an láithreáin seo tar éis athruithe a bheith curtha suas, ciallaíonn sé go nglacann tú leis an gcomhaontú seo faoi mar atá modhnaithe ag aon athruithe atá curtha suas.

Cliceáil anseo chun dul go dtí barr an leathanaigh seo

Ainmneacha, Íomhánna & Lógónna

Is marcanna dílseánaigh de chuid IrishJobs.ie agus.nó tríú páirtithe iad na hainmneacha, íomhánna agus lógónna a shainaithníonn IrishJobs.ie nó tríú páirtithe agus a dtáirgí agus a seirbhísí.

Cliceáil anseo chun dul go dtí barr an leathanaigh seo

Príobháideacht

Tá IrishJobs.ie tiomanta ar do phríobháideacht ar-líne a chosaint. Tagair le do thoil dár bPolasaí Príobháideachta do mhionsonraí iomlána ar ár dtiomantas daingean i leith príobháideachta.

Cliceáil anseo chun dul go dtí barr an leathanaigh seo

Seirbhísí

Má cheanglaíonn aon Sheirbhísí IrishJobs.ie ort cuntas a oscailt, caithfidh tú an próiseas cláraithe a chomhlánú trí fhaisnéis reatha, iomlán agus chruinn a thabhairt dúinn de réir mar a iarrtas san fhoirm cláraithe iomchuí. Is tú féin atá go hiomlán freagrach as rúndacht do phasfhocail agus an chuntais a choimeád. Sa bhreis air sin, is tú atá go hiomlán freagrach as aon ghníomhaíochtaí, agus iad go léir, a tharlaíonn faoin gcuntas.

Comhaontaíonn tú IrishJobs.ie a chur ar an eolas láithreach i dtaobh aon úsáid neamhúdaraithe ar do chuntas agus aon shárú ar shlándáil. Ní bheidh IrishJobs.ie faoi dhliteanas i leith aon chaillteanas a d'fhéadfadh tarlú mar thoradh ar dhuine éigin eile úsáid a bhaint as do phasfhocal nó do chuntas, cibé sin a bheith ar d'eolas nó i nganfhios duit. Mar sin féin, d'fhéadfadh tusa a bheith faoi dhliteanas d'aon chaillteanas a tharlaíonn do IrishJobs.ie nó d'aon pháirtí eile mar gheall ar dhuine éigin eile a bheith ag úsáid do chuntais nó do phasfhocail. Ní fhéadfaidh tú cuntas dhuine éigin eile a úsáid riamh, gan cead a fháil ó shealbhóir an chuntais.

Cliceáil anseo chun dul go dtí barr an leathanaigh seo

Úsáid Mhídhleathach agus Thoirmiscthe

Mar choinníoll úsáide na Seirbhísí, ní bhainfidh tú úsáid as na Seirbhísí chun aon chríocha atá mídhleachtach nó toirmiscthe ag na téarmaí úsáide seo. Ní fhéadfaidh tú na Seirbhísí a úsáid in aon slí a d'fhéadfadh damáiste a dhéanamh do fhreastalaí IrishJobs.ie, an freastalaí sin a dhíchumasú, a ró-ualú, nó a lagú. Ní fhéadfaidh tú iarracht a dhéanamh rochtain neamhúdaraithe a fháil ar aon Sheirbhísí eile, ar chuntais eile, ar chórais nó líonraí ríomhaireachta atá cónasctha le freastalaí IrishJobs.ie nó ar aon cheann de na Seirbhísí, trí bhradaíl, trí mhianadóireacht pasfhocal nó trí aon bhealach eile. Ní fhéadfaidh tú aon ábhair nó aon fhaisnéis a fháil, nó féachaint lena bhfáil, ar aon bhealach nach bhfuil curtha ar fáil d'aon ghnó trí na Seirbhísí.

Seachas mar atá sonraithe cheana, tá cosc ort aon ábhar a úsáid nó a bhaint de láithreán IrishJobs.ie ar aon slí chun críocha tráchtála agus ar aon slí chun an láithreán a úsáid chun críocha tráchtála. Más rud é gur inmhianta ábhair a úsáid, ba chóir an fhoinse a shainaithint ar dtús agus ansin cead scríofa a bheith curtha ar fáil.

Cliceáil anseo chun dul go dtí barr an leathanaigh seo

Naisc chuig Láithreáin Gréasáin Eile

Fad a bhíonn tú ag úsáid an láithreáin gréasáin seo féadfaidh tú teacht ar láithreáin gréasáin tríú páirtí trí naisc. Níl láithreáin gréasáin tríú páirtí den sórt sin faoinár smacht agus níleamar freagrach as fáil a bheith ar na láithreáin sin ná níleamar freagrach as an ábhar a bhíonn iontu. Soláthraítear aon nasc a sholáthraítear chuig láithreán gréasáin mar ábhar spéise nó caoithiúlachta duitse amháin agus ní léiríonn sé nó ní thugann sé le tuiscint go n-aontaímid le haon láithreán nasctha den sórt sin agus ní féidir linn a bheith faoi dhliteanas i leith aon chaillteanas nó damáiste a d'fhéadfadh eascairt as úsáid láithreáin gréasáin tríú páirtí den sórt sin nó i leith aon chonarthaí a dhéantar mar thoradh ar úsáid a bhaint as láithreáin gréasáin tríú páirtí den sórt sin. Admhaíonn tú go bhfuil úsáid láithreáin gréasáin tríú páirtí den sórt sin á rialú ag na téarmaía gus coinníollacha is infheidhme do na láithreáin sin.

Cliceáil anseo chun dul go dtí barr an leathanaigh seo

Eisiamh Dliteanais

Ní bheidh IrishJobs.ie, i gcás ar bith, faoi dhliteanas i leith aon damáistí lena n-áirítear, gan teorannú, damáistí indíreacha nó iarmharacha, ní i leith aon damáistí dá laghad ag eascairt as úsáid nó cailleadh úsáide, sonraí, nó brabúis, cibé i ngníomh conartha nó failí, ag eascairt as úsáid an láithreáin nó i ndáil le húsáid an láithreáin.

Ní thugtar aon ráthaíocht go mbeidh an láithreán gréasáin seo ar fáil ar bhonn dobhriste, agus ní féidir aon dliteanas a ghlacadh i ndáil le caillteanais nó damáistí ag eascairt as neamhfháil den sórt sin.

Ní ghlacaimid aon dhliteanas i ndáil le caillteanais nó damáistí ag eascairt as athruithe a dhéantar ar ábhar an láithreáin gréasáin seo ag aon tríú páirtithe. Tá rochtain ar an láithreán gréasáin seo agus úsáid an láithreáin ghréasáin seo ar phriacail an úsáideora.

Mura nglactar ina n-iomláine leis na Téarmaí Úsáide seo, caithfear úsáid an láithreáin seo a fhoirceannadh láithreach.

Cliceáil anseo chun dul go dtí barr an leathanaigh seo

Cliaint Fógraíochta Folúntas & Rochtana Bunachar Sonraí

Caithfidh Cliaint Fógraíochta Folúntas agus Rochtana Bunachar Sonraí déanamh de réir Téarmaí agus Coinníollacha Díolacháin IrishJobs.ie a thugann imlíne ar an gComhaontú Seirbhísí eatarthu féin agus IrishJobs.ie.

Cliceáil anseo chun dul go dtí barr an leathanaigh seo

Cáilíocht an ábhair a chinntiú

Tá na téarmaí úsáide seo a leanas i bhfeidhm chun cáilíocht an ábhair ar an láithreán a chosaint. Ciallaíonn cáilíocht an ábhair gur féidir leis na daoine atá ag lorg poist teacht ar na poist is cuí go tapa agus go héasca agus go bhfaighidh fostóirí iarratais ábhartha.

Cliceáil anseo chun dul go dtí barr an leathanaigh seo

return to top

Sister Sites: Jobs in IrelandJobs in the UKJobs in the CaribbeanJobs in ChinaJobs in India

© 2008IrishJobs.ie      IrishJobs.ie is a registered trademark of saongroup.com

Maidir linne | Teagmháil | Mapa Láithreáin | Cabhair do Chuardach Poist | Téarmaí | Links | Polasaí Príobháideachais
Fotha Poist RSS | Cláraigh do CV | Foláireamh Poist | Poist in Éireann