Cabhair do Chuardach Poist

Bogearraí Praiticiúla is féidir a Íoslódáil
Noda Cuardaigh Poist
RSS (Sindeacáitiú Fíor-Shimplí)
Cúnamh d'úsáideoirí faoi Mhíchumas

Bogearraí Praiticiúla is féidir a Íoslódáil


Tá IrishJobs.ie tiomanta a chinntiú gur dea-chleachtadh an cleachtadh a fhaigheann na húsáideoirí go léir. Aithnímid nach mbeidh an rochtain chéanna ar na bogearraí a bhíonn in úsaid ar an láithreán seo ag gach úsáideoir, dá bhrí sin faigh na naisc thíos le do thoil ar bhogearraí tríú páirtí is féidir a íoslódáil ar do dheasc.

Microsoft Internet Explorer Version 6
Microsoft Internet Explorer Version 7
Is fearr is féidir IrishJobs.ie a fheiceáil le Internet Explorer 6 nó níos airde ag 800X600 picteilín

Download Adobe Acrobat Reader
Adobe Acrobat Reader

Is bogearra saor in aisce é seo chun féachaint ar chomhaid Formáide Doiciméad Iniompartha (PDF) Adobe agus iad a phriontáil.

Cliceáil anseo chun dul go dtí barr an leathanaigh seo

Noda Cuardaigh Poist

Catagóirí Poist
Ba chóir catagóir príomha a roghnú bunaithe ar an gcineál poist/post is mó suime agat a fheiceáil. Mar shampla; má tá post á lorg agat mar Bhainisteoir Acmhainní Daonna ba chóir duit an catagóir 'Acmhainní Daonna' a roghnú. Má tá post á lorg agat mar Rialaitheoir Creidmheasa, ba chóir duit an earnáil 'Cuntasaíocht & Airgeadas' a roghnú etc.

Cliceáil anseo chun dul go dtí barr an leathanaigh seo

Torthaí do Chuardaigh Post
Cuirtear torthaí cuardaigh i láithair in ord íslitheach nó in ábharthacht íslitheach do na critéir atá curtha isteach sa chóras. Mar shampla; má tá post á lorg agat mar Bhainisteoir Margaíochta ar bhonn lánaimseartha buan i mBaile Átha Cliath Thuaidh, ansin beidh post do Bhainisteoir Margaíochta lánaimseartha buan i mBaile Átha Cliath Thuaidh le feiceáil meaitseáilte 100%. Má bhíonn post do Bhainisteoir Margaíochta lánaimseartha buan i gCorcaigh, ansin beidh sé sin le feiceáil freisin ach mar chéatadán meaitseáilte níos ísle mar gheall nach bhfreagraíonn an suíomh don chritéar cuardaigh.
Dá leithne an roghnúchán critéar, is mó an líon torthaí poist, ar an gcaoi chéanna, dá shainiúla do chritéir, is lú na torthaí. Is féidir leat a chinneadh cé acu is oiriúnaí do do chuardach poist.

Cliceáil anseo chun dul go dtí barr an leathanaigh seo

'Eochairfhocail' Bhreise
Trí eochairfhoca(i)l ábharthach a chur isteach féadfaidh tú do chuardach a mhionfheabhsú go mór. Ba chóir duit focail nó ráitis a chur isteach a mbeadh súil agat a fheiceáil i dteideal an phoist nó i dtuairisc an phoist.

Mar shampla; má tá post á lorg agat sa réimse Comhchomhairle SAP, gheobhaidh tú torthaí níos sainiúla má chuireann tú isteach na focail, Comhchomhairleoir SAP, seachas díreach an focal SAP a chur isteach leis féin nó an focal Comhchomhairle a chur isteach leis féin. Má tá post á lorg agat mar Fhorbróir Gréasáin, gheobhaidh tú torthaí níos sainiúla má chuireann tú na focail, Forbróir Gréasáin, isteach seachas díreach an focal Gréasán nó an focal Forbróir a chur isteach astu féin.
Do thorthaí níos sainiúla ba chóir duit tic a chur sa bhosca atá marcáilte "meatseáil an eochairfhocal beacht /na heochairfhocail bheachta"


Cliceáil anseo chun dul go dtí barr an leathanaigh seo


Roghanna Ard-Chuardach Poist
Tugann an rogha ard-chuardaigh deis d'úsáideoirí roinnt critéar breise cuardaigh a roghnú chun cabhrú leo a gcuardach a mhionfheabhsú, ar nós;


Cliceáil anseo chun dul go dtí barr an leathanaigh seo


Trí Ról Féadfaidh úsáideoirí an ról/na róil is ábharthaí dóibh féin a roghnú laistigh de Chatagóir roghnaithe
Trí Earcaitheoir Féadfaidh úsáideoirí féachaint ar mhionsonraí faoi chliaint fógraíochta folúntas agus na folúntais reatha atá fógartha ar IrishJobs.ie acu ag an tráth seo.
  Tugann IrishJobs.ie saoráid do dhaoine atá ag lorg poist ag dhá cheann a slí ghairme chun féachaint ar na folúntais is ábharthaí dóibhsean, laistigh dár Seomra Feidhmeannais agus Seomra Céimí.
Seomra Feidhmeannais Liostaíonn gach Post Bainistíochta Sinsearaí atá ar an láithreán faoi láthair
Seomra Céimí Liostaíonn gach Post Céimí atá ar an láithreán faoi lathair

Cliceáil anseo chun dul go dtí barr an leathanaigh seo

RSS (Sindeacáitiú Fíor-Shimplí)

Anois is féidir le lucht cuardaigh fostaíochta síntiús a ghlacadh le haghaidh fothaí saincheaptha RSS ar IrishJobs.ie, a chuirfidh in iúl dóibh nuair a thagann post nua aníos. Níl i gceist go bunúsach ach cuardach fostaíochta a dhéanamh ar phost a bhaineann le do réimse. Cliceáil ar deilbhín oráiste an RSS atá ar dheis ar an leathanach cuardaigh. Roghnaigh "léitheoir nuachta" ábhartha agus cuir liostaí na bpost ar do leathanach pearsanta. Déanfar nuashonrú ar phoist a chomhoireann an critéir atá roghnaithe agat féin a luaithe is a chuirtear suas postanna nua ar IrishJobs.ie.

Cliceáil anseo chun dul go dtí barr an leathanaigh seo

Cúnamh d'Úsáideoirí faoi Mhíchumas

Tá na príomhfheidhmeanna in IrishJobs.ie anois inrochtaine do dhaoine faoi mhíchumas atá ag lorg poist chuig leibhéal WAI AA.

W3C WAI

Déanaimid ár ndícheall ár láithreán a fheabhsú go leanúnach agus feidhmitheacht bhreise a chorprú chun cabhrú le húsáideoirí faoi mhíchumas. Fáiltíonn IrishJobs.ie roimh aon mholtaí nó aiseolas.
Seo a leanas cuid den iliomad gné atá curtha i bhfeidhm againn chun cabhrú le húsáideoirí faoi mhíchumas nascleanúint a dhéanamh go héasca:

Imeacht thar na Barraí Nascleanúna
Chun scipeáil thar an barra nascleanúna uachtarach agus ar chlé go dtí ábhar an phríomhleathanaigh lean an nasc marcáilte 'scipeáil go dtí an príomhábhar' nó 'scipeáil go dtí cuardach poist' a sholáthraítear ag tús gach leathanaigh. Tabharfaidh sé sin go dtí ábhar an phríomhleathanaigh tú.

Úsáid a bhaint as an Táb-Eochair chun léimt idir naisc
Is féidir leat úsáid a bhaint as an táb-eochair ar do mhéarchlár chun léimt ó nasc amháin go dtí an chéad cheann eile. Soláthraíonn gach barra nascleanúna ar an láithreán ord loighiciúil dó sin.

Zúmáil isteach agus clómhéideanna
Ceadaítear athmhéadú solúbtha clónna ar phríomhábhar gach leathanaigh chun freastal ar riachtanais an úsáideora. Má mheasann tú go bhfuil na clómhéideanna róbheag díreach méadaigh an clómhéid réamhshocraithe a úsáidtear i mbogearra do bhrabhsálaí gréasáin (mar shampla, in Internet Explorer, is féidir clómhéideanna a athrú sa View Menu faoi 'Text Size'). B'fhéidir nach n-oibreodh an ghné seo i gceart ar gach brabhsálaí gréasáin.

Toisí an Láithreáin
Is fearr atá IrishJobs.ie le feiceáil le Internet Explorer 6 nó níos airde ag 800X600 picteilín. Fónann toisí an láithreáin seo do gach méid scáileáin.


Cliceáil anseo chun dul go dtí barr an leathanaigh seo

Ar ais go Leathanach Baile



return to top

Sister Sites: Jobs in IrelandJobs in the UKJobs in the CaribbeanJobs in ChinaJobs in India

© 2008IrishJobs.ie      IrishJobs.ie is a registered trademark of saongroup.com

Maidir linne | Teagmháil | Mapa Láithreáin | Cabhair do Chuardach Poist | Téarmaí | Links | Polasaí Príobháideachais
Fotha Poist RSS | Cláraigh do CV | Foláireamh Poist | Poist in Éireann